Aistriúcháin iontaofa, thapa
Is féidir lenár bhfoireann aistritheoirí láncháilithe a bhfuil taithí acu cáipéisí de do chuid a aistriú ar ardchaighdeán chun do chuspóir ilteangach a bhaint amach. Déanaimid sainfheidhmiú ar shuíomhanna Gréasáin, thuarascálacha bliantúla, bhróisiúir, phóstaeir, chomharthaí, agus lámhleabhair a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus a mhalairt de dhóigh. Nuair a chuirtear san áireamh go gcuirimid seirbhísí cló agus deartha Gréasáin ar fáil chomh maith, is léir gur féidir linn freastal ar do chuid riachtanas ó thús deireadh.
Aga Oibre faoi Ráthaíocht
Tar éis duit do cháipéis a chur isteach chuig Snasta, deimhneoimid an dáta a bhfaighidh tú an cháipéis lánaistrithe ar ais. Beidh tú in ann an t-eolas is déanaí maidir le stádas d'aistriúcháin a sheiceáil tríd an Ionad Eolais ar líne nó trí ghlao a chur ar ár líne uathoibrithe eolais ag 01 440 3808 (24 uair).
Tarraing iúl an tslua!
Tá 93% d'Éireannaigh ar son níos mó Gaeilge a úsáid. Nuair atá an Ghaeilge le feiceáil ar phacáistí do chuid táirgí, ar chomharthaí i d'áitreabh, ar do shuíomh Idirlín, nó i bhfoilseacháin de do chuid, dearbhaíonn tú gur branda fíor-Éireannach atá ann; rud a chuireann taighde in iúl atá an-tábhachtach do thomhaltóirí Éireannacha.
Tacaíocht Ghasta tríd an Ríomhphost
Seol ríomhphost chugainn ag aon am agus gheobhaidh tú freagra laistigh de 15 nóiméad de ghnáth.
Gealltanas Rúndachta
Nuair a roghnaíonn tú Snasta chun do cháipéis a aistriú, bíonn rúndacht na gcáipéisí faoi ráthaíocht ag gach céim den phróiseas. Is féidir linn ár gcuid oibre a dhéanamh faoi réir comhaontaithe um neamhnochtadh (NDA) nó faoi réir an Achta um Rúin Oifigiúla de réir mar is iomchuí.
Don earnáil phoiblí agus don rialtas…
Níor chóir go mbeadh aon stró ar bith ort mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm i d'eagraíocht. Déan conarthaí a sheachaint agus fostaigh Snasta ar bhonn aon jab amháin, nó téigh i gcomhaontú tosaíochta seirbhíse le Snasta ar mhaithe le háis!
Do chuideachtaí príobháideacha…
Is iontach an rud é nuair a úsáideann cuideachtaí príobháideacha an teanga náisiúnta. Tá Snasta sásta aistriúcháin Gaeilge a dhéanamh saor in aisce do na cuideachtaí sin i gcásanna áirithe!
Don duine aonair…
Tá ár n-aistritheoirí láncháilithe sásta obair a dhéanamh ar thionscadail neamhspleácha cé acu an bhfuil a lán oibre i gceist leo nó nach bhfuil. Cliceáil anseo chun meastachán a fháil ar an láthair.